logo
Láthair champála Ghaeltachta le filleadh ar an bPicnic Leictreach

Láthair champála Ghaeltachta le filleadh ar an bPicnic Leictreach

RTÉ News​22-04-2025

Ardán Gaeilge sa Chollchoill agus Láthair Champála Ghaeltachta ag EP mar chuid d'fheachtas Croí na Féile le Conradh na Gaeilge.
Beidh Croí na Féile, feachtas de chuid Chonradh na Gaeilge, faoi bhláth arís ag an bPicnic Leictreach agus arís eile beidh deis ag lucht campála a bpubaill a chrochadh i gcomhluadar na nGael sa láthair oifigiúil champála, an Láthair Ghaeltachta.
A bhuíochas le tacaíocht ó Festival Republic beidh Croí na Féile ag cur an Ghaeilge i lár an aonaigh ag EP arís i mbliana.
Tabharfaidh suíomh an champa deis do dhaoine a gcuid Gaeilge a úsáid le linn an deireadh seachtaine. Tá An Láthair Ghaeltachta ann le deis a thabhairt do dhaoine an teanga a chur ag Croí na Féile agus taitneamh a bhaint as spás le campálaithe Gaeilge eile le linn an deireadh seachtaine, le ticéid díolta amach don láthair le blianta beaga anuas.
Leanfar leis an mbéim ar chúrsaí athchúrsála agus aire don timpeallacht sa Láthair Ghaeltachta i mbliana, le háiseanna athchúrsála agus eolas maidir leis an láthair - agus an domhan! - a choinneáil glan.
Ag labhairt faoin bhféile, dúirt Orlaith Nic Ghearailt, Conradh na Gaeilge:
"Tá lúcháir orainn tacaíocht a fháil ó Festival Republic agus láthair champála na Gaeltachta agus an t-ardán sa Chollchoill a thabhairt thar nais go Electric Picnic arís an samhradh seo. Fágann a dtacaíocht leanúnach gur féidir le lucht na féile bheith ag súil le go leor ceoltóirí Gaelacha a chloisteáil i rith na deireadh seachtaine sa Collchoil (Hazelwood) agus is féidir leo clárú don láthair champála Ghaeltachta freisin."
Dúirt Melvin Benn, Stiúrthóir Bainistíochta Festival Republic:
"Mar an fhéile cheoil agus ealaíon is mó in Éirinn, tá sé tábhachtach dúinne go bhfuil ról lárnach ag an nGaeilge ag Electric Picnic. Ag obair le Conradh na Gaeilge le blianta beaga anuas tá méadú tagtha ar líon na n-ealaíontóirí Gaeilge a bhíonn ag an bPicnic agus i mbliana beidh láithreacht níos mó fós ag an láthair champála Ghaeltachta ag an bhféile. Tá súil againn go n-ardóidh seo ar fad, mar aon le tionscadail eile a bhfuilimid ag obair orthu, feiceálacht na Gaeilge ag Electric Picnic agus go dtabharfaidh sé deis do dhaoine a gcuid Gaeilge a úsáid ar feadh an deireadh seachtaine."
Clárúchán don Láthair Champála Ghaelach:
Tugann Conradh na Gaeilge cuireadh do lucht freastail Electric Picnic teacht agus fanacht sa láthair champála Ghaeltachta, áit ina mbeidh an Ghaeilge mar phríomhtheanga labhartha le ceol, craic agus cannaí i measc na nGael ag an bhféile. Ticéid ar fáil trí Ticketmaster.

Orange background

Try Our AI Features

Explore what Daily8 AI can do for you:

Comments

No comments yet...

Related Articles

Droichead na beochana
Droichead na beochana

Irish Times

time11 hours ago

  • Irish Times

Droichead na beochana

Foclóir: Te reo Maori - Maori language; athneartú teanga – language revitalisation; scéim mhalairte – exchange scheme; beochantóir – animator; athdhéanamh – recreation; fís-amharc – audio-visual; tairbhe - benefit. 'Caithfidh tú do scéal cultúrtha féin a inseacht, nó inseofar duit é.' Sin a dúirt an beochantóir Siobhán Ní Thuairisg agus í ag caint ar an nós atá ag comhlachtaí móra léiriúcháin, scéalta dúchasacha a inseacht - uaireanta ar bhealaí atá ciotach nó gan luaíocht. 'Tá mé ag ceapadh gur sampla maith atá in Lilo & Stitch.' READ MORE Tagairt atá ann sin d'athdhéanamh 2025 ar scannán de chuid Disney den ainm céanna a seoladh i dtosach in 2002. Cáineadh an leagan úr as an tslí a gcuirtear cultúr Oileáin Haváí i láthair. Agus ar bhealach, is ar ábhar gaolmhar atá muid chun caint - scéim nua ag pobail a scéal féin a inseacht. Is i gcathair Montréal Cheanada a bhí sí nuair a labhair Tuarascáil le Ní Thuairisg faoi scéim malartaithe idir beochantóirí na Gaeilge agus beochantóirí te reo Maori, teanga dhúchasach Aotearoa (An Nua-Shéalainn). Siobhán Ní Thuairisg a tharraing agus í ag glacadh páirt sa scéim mhalartaithe. A luaithe agus a chuala Ní Thuairisg faoin scéim, ar a bhfuil an teideal Clár Malartaithe Beochana 2025, chuir sí suim ann ar an bpointe boise. Gaeilgeoir ó dhúchas a bhí ag obair sa tionscal beochana a bhí de dhíth. Tá Ní Thuairisg, ar as an Lochán Beag in Indreabhán i gCois Fharraige di, ag obair leis an gcomhlacht léiriúcháin scannán, teilifíse agus beochana Telegael, agus thapaigh sí an deis. 'Bhí a fhios agam go mbeadh suim agam ann. Scríobh mé mo thráchtas faoin tionchar a bhíonn ag na meáin ar theangacha agus ar theangacha atá ag fáil bháis,' a dúirt sí le Tuarascáil. Cuireadh an clár malartaithe beochana ar an bhfód i mbliana le tacaíocht ó Ardán, TG4, Údarás na Gaeltachta, Comhairlí Cathrach agus Contae na Gaillimhe, chomh maith le Screen Wellington, Maoriland, agus Coimisiún Scannán na Nua-Shéalainne. An sprioc atá leis an scéim ná deis a thabhairt do bheochantóirí Gaeilge agus te reo Maori cleachtadh a fháil ar cheird a chéile agus an nasc a threisiú idir an earnáil sa dá thír. Tá súil leis go dtapófar deiseanna comhléirithe, malartú cultúrtha, agus cur chun cinn na dteangacha dúchasacha. Chonaic mé an-chuid cosúlachtaí idir Ōtaki agus Conamara. Tá bailte beaga ann atá buailte leis an trá. Labhraíonn chuile dhuine a dteanga dhúchais, agus tá siad bródúil aisti freisin. Ghlac an rannpháirtí Maori Seth Parata Stewart páirt sa chlár malartaithe ina diaidh, agus d'fhreastail an bheirt ar Fhéile Bheochana Annecy thar cion na Gaillimhe agus Wellington. Is cathracha UNESCO iad an dá chathair Wellington agus Gaillimh agus tá tionscal láidir closamhairc sa dá áit. Agus í sa Nua-Shéalainn i mí Mhárta fuair Ní Thuairisc deis dul ag obair le stiúideo beochana Maori in Otaki ar feadh trí seachtaine agus thug sí cuairt ar fhéilte beochana. 'Chuaigh mé ann ar feadh trí seachtaine agus d'fhreastail mé ar chúpla féile bheochana cosúil le Wellington Animation Film Festival, Maori Animation Festival agus d'fhreastail mé ar go leor taispeántas le daoine a bhí ag críochnú a gcuid staidéir sa bheochan in Wellington. 'Bhí na daoine óga seo uilig le chéile ag foghlaim cén chaoi le beochan a dhéanamh. Bhí mé in ann cúnamh a thabhairt dóibh agus cúpla rud a thaispeáint dóibh,' a dúirt sí. Thug Siobhán agus aíonna eile cuairt ar stiúideonna léirithe scannán agus beochana i Wellington. Bhí Pik Pok, Weta FX, agus Ceardlann Weta ina measc. 'Thug mé cuairt ar roinnt stiúideonna difriúla, stiúideonna cluichí, beo-aicsean, scannánaíocht, bhí chuile shaghas acu i ndáiríre. Ach is i Maoriland ['Gaeltacht' na Nua-Shéalainne] a bhí mé an chuid is mó den am. Tá siad dírithe ansin go mór ar ghlóracha dúchasacha a ardú sna meáin – is te reo Maori a labhraítear ansin.' Siobhán Ní Thuairisg a tharraing Dúirt sí go bhfuil an-chuid cosúlachtaí idir scéal na Gaeilge agus scéal na Maoraise. Cé go bhfuil an Nua-Shéalainn chomh fada ó bhaile is atá, chonaic Ní Thuairisg an-chuid cosúlachtaí idir Otaki, áit atá thart ar 70 ciliméadar ón bpríomhchathair Wellington, agus Conamara. 'Chonaic mé an-chuid cosúlachtaí idir Otaki agus Conamara. Tá bailte beaga ann atá buailte leis an trá. Labhraíonn chuile dhuine a dteanga dhúchais, agus tá siad bródúil aisti freisin.' Ar nós na Gaeilge, bhí te reo Maori ina príomhtheanga ag muintir Aotearoa tráth. Ach, de bharr ansmacht na coilíneachta, tháinig meath mór ar úsáid na teanga. Cuireadh cosc ar a húsáid sna scoileanna i dtús an chéid seo caite mar chuid den iarracht an Béarla a bhuanú mar phríomhtheanga labhartha na tíre. Gearradh pionóis chorpartha orthu siúd a labhair í, agus fearacht mhuintir na hÉireann, tháinig meath mór ar fhoghlaim na teanga dá bharr. Ach níor lagaigh seandílseachtaí teanga ina n-iomláine agus cuireadh borradh faoi ghluaiseacht chearta teanga te reo Maori sna 1970idí. In 1987 tugadh aitheantas mar theanga oifigiúil do te reo Maori agus roinnt blianta ina dhiaidh sin, in 2004, bunaíodh Whakaata Maori, stáisiún teilifíse Maoraise. Bunaíodh an dara stáisiún in 2008 agus in 2016, ritheadh Acht Teanga a chuir bonn faoi iarrachtaí athneartaithe teanga. Ar nós Theilifís na Gaeilge nó TG4 anois, chuir sé borradh faoi thionscadal nua amharc-ealaíon. Ní haon ionadh mar sin é go láidreofaí naisc idir an dá phobal. An t-am seo anuraidh ag Féile na Meán Ceilteach i gCaerdydd, shínigh TG4 comhaontú caidrimh le Whakaata Maori chun comhoibriú a dhéanamh maidir le forbairt ábhair, comhléiriú agus malartú eolais, agus chun nasc a chothú idir pobal na Maoraise agus pobal na Gaeilge. Siobhán Ní Thuairisg a tharraing. Luach Is léir gur bhain Ní Thuairisg tairbhe as an malartú, 'láidrigh sé sin an tsuim a bhí agam agus an dúil a bhí agam rudaí a chruthú as Gaeilge.' 'Rinne sé an-oiread maitheasa domsa ó thaobh an phaisin atá agam do mo theanga dhúchais agus do mo chuid ealaíne,' a dúirt sí. Ach bhí luach gairmiúil ag baint leis freisin, agus is léir go bhfuil deiseanna forbartha fós le fiosrú. Tá athrú tagtha ar nósmhaireacht an lucht féachana agus ar an dúil atá ag daoine a bheith ag breathnú ar chláir nach bhfuil ina dteanga féin agus dar le Ní Thuairisg bíonn daoine níos sásta fotheidil a léamh anois ná mar a bhí cheana. 'Mar gheall ar Manga agus Anime [leabhair ghrafacha agus stíleanna beochana Seapánacha], tá daoine sásta breathnú ar chláir fiú nuair nach dtuigeann siad an méid atá á rá, ach tá siad sásta na fotheidil a léamh.' 'Tá mé ag ceapadh go bhfuil an-suim in Éirinn agus sa Nua-Shéalainn i dtionscadail chomhléiriúchán a chur le chéile agus d'éirigh liom aithne a chur ar ealaíontóirí ón dá thír a mbeadh suim acu oibriú le chéile agus a gcuid teangacha a chur os comhair lucht féachana níos mó.' Spreag Tá Ní Thuairisg tar éis cur isteach ar an scéim maoinithe 'Spreag' a chuireann maoiniú ar fáil do ghearrscannáin Ghaeilge a thugann léargas ar scéalaíocht dhúchasach na tíre. 'An smaoineamh atá agam ná go mbeinn ag obair le cúpla ealaíontóir ón Nua-Shéalainn agus go n-inseodh muid scéalta agus finscéalta ónár dtíortha difriúla, iad a nascadh le chéile chun scéalta nua a inseacht ar an gcaoi sin.' Leis an dul chun cinn teicneolaíochta atá déanta le tamall anuas, is féidir foireann a chur ag obair le chéile, beag beann ar cá háit ar domhan a bhfuil siad lonnaithe. 'Mar gheall go bhfuil an chuid is mó den tionscal ar líne anois, is cuma i ndáiríre cé chomh fada óna chéile atá muid.' Ach ar dtús báire, beidh sí ag súil le toradh ar a hiarratas. 'Le cúnamh Dé gheobhaidh mé é, agus mura bhfaighidh cuirfidh mé isteach ar an gcéad cheann eile!' Chun breis eolais a fháil faoin scéim malartaithe, tabhair cuairt ar

Kingfishr at Fairview Park: Everything you need to know from stage times to last minute tickets
Kingfishr at Fairview Park: Everything you need to know from stage times to last minute tickets

Irish Independent

time3 days ago

  • Irish Independent

Kingfishr at Fairview Park: Everything you need to know from stage times to last minute tickets

The band, known for their grand, atmospheric sound and catchy melodies, have quickly risen as one of Ireland's most promising acts. They've built a loyal following with over 70 million streams, 800,000 monthly Spotify listeners, and notable festival appearances including Glastonbury, Electric Picnic, and Reading & Leeds. Are there any tickets left? The Fairview Park show is sold out. However, sparse resale tickets may be released on the day via so keep an eye out if you're hoping to snag one last minute. When do doors open? Doors open at 7pm. The show will start shortly after, so plan to arrive early. Queuing is not permitted until the gates open, and all attendees will be searched upon entry. Queuing in streets near and around the venue is not advisable. Camping, collapsible chairs and large bags will not be granted entry into the venue. Professional cameras, recording equipment, alcohol obtained outside of the venue, e-vehicles, flares and umbrellas will not be permitted inside. This concert does not allow re-admission, any departure from the venue is final. Concert-goers should plan to be within the venue approximately half an hour before the show starts. This is a standing-only concert Will there be an opening act? Flyte and The Awning will be supporting Kingfishr, according to MCD. Can under-16s go? Under-16s must be accompanied by a parent or a guardian over the age of 25 at all times. What songs will Kingfishr perform? While the exact setlist for the Fairview Park show on June 21, 2025, hasn't been officially released, based on recent performances, fans can anticipate a dynamic mix of crowd favourites and newer material. At their recent shows, Kingfishr has included hits such as: I Cried, I Wept The Saviour Shadow Diamonds and Roses Shot in the Dark Man on the Moon Killeagh Eyes Don't Lie Caroline Gloria Headlands Leave Anyway Flowers-Fire Bet On Beauty 21 How do I get to Fairview Park? Attendees have been warned to expect transport delays and to plan accordingly. Fairview Park is situated near Clontarf; therefore it is on the DART line. The nearest station is Clontarf Road Dart Station. Several buses are departing from the city centre from Eden Quay, Abbey Street Lower and Talbot Street From Eden Quay: 14, 15, 27a/b From Abbey St Lower: 6, H1, H2, H3, 130 From Talbot St: 42, 43 Dublin Bus has warned that bus stops 519 and 616 will be closed from 10pm – 11pm on concert days for operational reasons. There is no public parking available at this event and all attendees are advised to refer to public transport. Once boarded off public transport, the venue is accessible through a single entrance at the Annesley Bridge end of Fairview Park. A map is accessible at What services will I find at the venue? The Fairview Park site map shows that the park has an accessible concert area, a first aid area, a food court, a merchandise store and several bars for refreshments. What will the weather be like? Saturday is expected to be warm with plenty of sunny spells, especially across the eastern half of the country. Temperatures will range from 19 to 25 degrees Celsius, with the warmest conditions in the east. A light to moderate southwest wind will prevail throughout the day.

Laois County Council gives green light for Electric Picnic 2025
Laois County Council gives green light for Electric Picnic 2025

RTÉ News​

time3 days ago

  • RTÉ News​

Laois County Council gives green light for Electric Picnic 2025

Laois County Council has given the green light for the largest ever Electric Picnic festival to take place. The Council has granted the licence to EP Republic Ltd to stage the festival where 80,000 are to attend each day to see the likes of Hozier, Chappell Roan and Becky Hill perform. Last month, Becky Hill was named as the final headliner and joined Sam Fender, Fatboy Slim, and Kings of Leon on the roster. The 80,000 for the 2025 EP - which is expected to cost between €25m to €30m to stage - is a 5,000 increase on the 75,000 tickets that were sold for the 2024 event. EP Republic lodged its licence application in March and the Council has granted the licence for the multistage live music and arts event at Stradbally Hall, Stradbally Estate, subject to 51 conditions. The Council had received a number of submissions calling on the EP promoters to support local businesses. In one of six submissions made to the Council on EP Republic Ltd's application, David Walsh Kemmis of Ballykilcavan Brewing Company, said: "With a view to supporting small local businesses, I would like to see the Council enforce a planning condition that the festival organisers must provide access to the festival for food and drink suppliers based in Laois, even if their product is in competition with a sponsor of the festival". However, in its 29 page planner's report into the licence application, the Council stated that submissions received relate to a number of issues relating to the event supporting locally produced produce and particularly the nearby Ballykilcavan Brewing Company. The report stated that "this matter is outside of the remit of the Local Authority and therefore cannot be dealt with in the Event Licence. The decision to allow or not the Ballykilcavan Brewing Company or any corporate entity to trade at the event is a commercial decision for the promoter." CEO of Electric Picnic, Melvin Benn, said last month that the cost of staging this year's Electric Picnic will be between €25m to €30m. In an interview, Mr Benn said Electric Picnic provides an enormous economic boost to the local economy. He said that every year, EP has "an awful lot of local businesses and local traders that sell at the festival". Mr Benn gave the example of Laois Taste which is a collection of local producers which sell their produce at the Electric Picnic He said that "we work very closely with local traders and I choose the ones that I work with. It is not up to the local authority to say who we work with. We have the freedom to choose who we work with and we exercise that freedom". Tickets for the 2025 EP event went on sale on August 21st last and sold out within hours without any act confirmed at the time. This year's event returns to the traditional last weekend of August where it will run from Thursday, August 28 to Sunday, August 31. The first Electric Picnic was staged on Saturday, September 4 2004 when around 10,000 people attended.

DOWNLOAD THE APP

Get Started Now: Download the App

Ready to dive into a world of global content with local flavor? Download Daily8 app today from your preferred app store and start exploring.
app-storeplay-store
Láthair champála Ghaeltachta le filleadh ar an bPicnic Leictreach